Seachtain na Gaeilge: An fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain

Is ceiliúradh í dár dteanga agus dár gcultúr dúchais í a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile achan bhliain fá choinne coicís, go dtí Lá Fhéile Phádraig ar an 17ú Marta.
Seachtain na Gaeilge: An fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain

Ellen O'Donoghue

Thosaigh Seachtain na Gaeilge inné, an chéad lá de mhí an Mhárta.

Beidh sí ar siúl fá choinne coicís, go dtí Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú Márta.

Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain.

Is ceiliúradh í dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus i go leor tíortha eile achan bhliain.

Tugtar deis do gach éinne sult a bhaint as an Ghaeilge tríd a bheith páirteach san fhéile, idir chainteoirí dúchasacha, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Tá beirt ambasadóir ag Seachtain na Gaeilge i mbliana.

Is iad Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ó IMLÉ. Is ceoltóirí iad an bheirt acu.

Is amhránaí agus ceoltóir í Seoighe agus tá sí ina ball den bhanna ceoil IMLÉ freisin.

Is as an Ros a’ Mhíl i gConamara í ó dhúchas agus mar sin, tógadh le Gaeilge í, teanga a chroí agus a ceirde.

Dúirt Seoighe nach rud seasta í an Ghaeilge di, “is teanga í a fhásann leat.

“Tá sí fréamhaithe sa traidisiún, ach faigheann sí a guth féin sa gceol agus sa saol comhaimseartha,” dúirt sí.

Is giotáraí agus scríbhneoir ceoil é Conor leis an bhanna ceoil Fontaines DC.

Rugadh agus tógadh Conor i Scairbh na gCaorach, contae Mhuineacháin agus is ann a cuireadh an chéad síol dá ghrá don cheol agus don teanga araon.

“D’fhoghlaim mé Gaeilge ar scoil agus, cosúil le go leor daoine, chaill mé greim uirthi ar feadh tamaill. Tá mé ag filleadh uirthi anois, agus sin é an rud is tábhachtaí; go mbíonn an doras oscailte i gcónaí,” dúirt Curley.

Tá go leor Gaeilge le cloisteáil sna hamhráin atá foilsiú ag Fontaines DC, mar shampla an t-amhrán In ár gCroíthe go deo atá ar an albam Skinty Fia agus an t-amhrán Better Way to Live i gcomhar le Kneecap.

Chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh, dúirt TG4 an mhí seo caite go mbeidh scannán SpongeBob as Gaeilge ar siúl i bpictiúrlainne in Éirinn i mí an Mhárta.

Beidh neart imeachtaí eile ar siúl i rith na coicíse fosta, le ceolchoirmeacha, maidin chaife, biongó, céilí agus cúpla ciorcal comhrá ar siúl ar fud na háite.

Chun fáil amach caidé a bheidh ar siúl i do cheantar, tabhair cuairt ar sceal.ie/imeachtai.

More in this section